Tionólfar Ard Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine beag seo (17.4-19.4.15) i Ros Cré, Co. Thiobraid Árainn.
Tiocfaidh teachtaí ó ar fud an oileáin le chéile in Óstan an Racket Hall chun cás na Gaeilge a chíoradh, todhchaí na teanga a chinntiú, agus chun na rúin a stiúrfaidh obair na heagraíochta don bhliain atá romhainn a phlé.
Seolfaidh Iar-Uachtarán an Chumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Néil, imeachtaí na hArd Fheise oíche Dé hAoine. Ar an oíche chéanna, faoi chathaoirleacht Uachtarán an Chonartha Cóilín Ó Cearbhaill, pléifidh Nodlaig Ní Bhrollaigh, Abhcóide agus Gníomhaí Teanga; Tómas Ó Síocháin, Clárbhainisteoir Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Iar-Chlár-Reachtaire TG4 agus RTÉ; agus Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, na bealaí is fearr chun tionchar a imirt ar an gcóras polaitiúil, go háirithe ar an gcomhairliúchán ar Acht Gaeilge ó thuaidh agus ar na holltoghcháin atá le teacht.
Tar éis caint iarbhricfeasta ón Seanadóir Labhrás Ó Murchú maidin Dé Satharn, socrófar gnó reatha agus todhchaí na heagraíochta faoin mana “Athnuachan- Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht.” Beidh deis ag lucht freastal na hArd Fheise páirt a ghlacadh i gceardlanna faoi forbairt ar bhallraíocht agus ionadaíocht san eagraíocht agus i siúlóid urraithe 5km do Ghaelscoil an tSlí Dála tráthnóna Dé Satharn freisin.
Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Táimid ag súil go mór leis an Ard Fheis i mbliana agus le fáilte a chur roimh gach éinne a bheidh ag freastal air. Is iomaí cinneadh a rinne pobal na Gaeilge ag Ardfheiseanna an Chonartha a raibh tionchar chinniúnach acu ar chás na Gaeilge agus ar stair na hÉireann, agus tá súil againn gur amhlaigh a bhéas an Ard Fheis i mbliana.”
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá tábhacht an-mhór ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana mar go bhfuil próiséis comhairliúcháin faoi Acht na Gaeilge faoi lán sheol ó thuaidh agus go bhfuil toghcháin le reáchtáil ar fud an oileáin sa bhliain atá romhainn. Tá sé riachtanach go mbeadh pobal na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge réidh agus rannpháirteach sna próiséis seo. Is deis í an Ard Fheis muid a ullmhú agus eagrú don obair chinniúnach ós ár gcomhair.”
Tags: